
Latest News Application to An Coimisiún Pleanála
On 14 May 2026, Donegal County Council published notices relating to applications to An Coimisiún Pleanála for approval of the TEN-T Priority Route Improvement Project, Donegal (TEN-T PRIP) and for confirmation of the Donegal County Council (TEN-T Priority Route Improvement Project – Donegal) Compulsory Purchase Order, 2026
Ar an 14 Bealtaine 2026, d'fhoilsigh Comhairle Contae Dhún na nGall fógraí maidir le hiarratais chuig an Choimisiún Pleanála ar fhaomhadh Thionscadal Feabhsúcháin Bealaí Tosaíochta TEN-T, Dún na nGall (TEN-T PRIP) agus chun Ordú Ceannaigh Éigeantaigh Chomhairle Contae Dhún na nGall (Tionscadal Feabhsúcháin Bealaí Tosaíochta TEN-T – Dún na nGall) 2026 a dhaingniú.
The Trans-European Transport Network (TEN-T) is a selection of strategic transport corridors throughout the European Union (EU) that have been identified to play a key role in the mobility of goods and passengers through the EU.
Three sections of the TEN-T network in Donegal have been prioritised for improvement and together, they form the TEN-T Priority Route Improvement Project, Donegal. These sections are also prioritised within the National Planning Framework, Project Ireland 2040, and the National Development Plan 2018-2027. The three sections are as follows:
Section 1 (N15/N13 Ballybofey / Stranorlar Urban Region)
Section 2 (N56/N13 Letterkenny to Manorcunningham)
Section 3 (N14 Manorcunningham to Lifford / Strabane / A5 Link).
Donegal County Council in conjunction with Transport Infrastructure Ireland, are developing the TEN-T Priority Route Improvement Project, Donegal (TEN-T PRIPD).
The TEN-T PRIPD includes online improvement and upgrade, bypass of three urban centres and route realignment. It includes over 60km of segregated active travel network and as well as transport hubs at key locations for transition between different transport modes. It also has significant green credentials and has been designed cognisant of climate and includes decarbonisation initiatives and climate resilience features.
Is é atá sa Ghréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) ná rogha de chonairí straitéiseacha iompair ar fud an Aontais Eorpaigh, a sainaithníodh chun ról lárnach a bheith acu sa tsoghluaisteacht earraí agus paisinéirí san Aontas Eorpach.
Tugadh tosaíocht do thrí cuid de líonra TEN-T i nDún na nGall lena bhfeabhsú. I dteannta a chéile, is ionann iad agus Tionscadal Feabhsúcháin Bealaí Tosaíochta TEN-T, Dún na nGall.
Tugtar tús áite do na stráicí sin taobh istigh den Chreat Náisiúnta Pleanála, de Thionscadal Éireann 2040 agus den Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 fosta. Tá na trí cuid mar seo a leanas:
Cuid 1 (an N15/an N13 – Réigiún Uirbeach Bhealach Féich / Shrath an Urláir)
Cuid 2 (an N56/an N13 – Leitir Ceanainn go Mainéar Uí Chuinneagáin)
Cuid 3 (an N14 – Mainéar Uí Chuinneagáin go dtí an Leifear / an Srath Bán / Nascbhóthar an A5).
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le Bonneagar Iompair Éireann, ag forbairt Tionscadal Feabhsúcháin Bealaí Tosaíochta TEN-T, Dún na nGall (TEN-T PRIPD).
Cuimsíonn an TEN-T PRIPD feabhsú agus uasghrádú ar líne, seachbhóthar trí ionad uirbeacha agus ailíniú bealaí. Cuimsíonn sé os cionn 60km de ghréasán de thaisteal gníomhach deighilte agus moil iompair ag suíomhanna tábhachtacha le haghaidh aistriú idir modhanna iompair éagsúla. Tá dintiúir ghlasa shuntasacha aige fosta agus tá sé deartha mar gheall ar an aeráid agus cuimsíonn sé tionscnaimh dícharbónaithe agus gnéithe athléimneachta aeráide.